


We will be meeting sean-nós singers. Antaine Ó Faracháin will ask them about their favourite songs, why they like them so much and he will also be asking where they learned the songs.
This episode will feature Páidí Mhárthain Mac Gearailt, a well known sean-nós singer from Corca Dhuibhne. He will speak to Antaine about his favourite songs....
1. An Buachaillín Sásta Súch
2. Mo Chiach Mar A Tháinig
3. Beauty Deas an Oileáin
4. Cailín na Gruaige Doinne

Chaitheas seal dom shaol ag mo ghaolta go sámh
Gan easpa bí ná éadaigh, ach mé ag tuilleamh clú is dá fháil
Bhí báigh ag Gaill is ag Gaeil díom, ach mheallis thar an mbarr go léir mé
Tá máistir maith ina dhiaidh ort, rí ghléghil gheal na ngrást.
Sé mo léan nár chuas go Sasana mar a théidis dul is mé óg
Nó anonn go léir thar farraige mar a chuaigh mo charaid romham
Ó anois ó ghráis mé m'aigne agus dheineas féin dual thar bearta dhíot
Iad go léir do chasadh liom agus mé síor shilleadh deor.
A ógánaí na ndilginis ná mé bí choíche lem' shórt
Mar mheallais go luath óm' mhuintir mé le aoibhneas do phóg.
Is duitse fhéin is náireach, mura b'fhillir arís ón bhán chugam
Mar gur dtugis feasta don ard mhac nach fágfá mé faoi bhrón.
Is cailín socair suairc mé go mbeadh éifeacht lena gnó
Agus níor dhearnas beart ar a dtuathal nó gur casadh tusa im' threo
Ach anois ó chuiris suas díom, thugais droim do láimh ró mhór díom
Sé mo chumha má théim in uaigh leat is daor ort é mo bhrón.

