

Tá Aifric, cailín 17 bliain, socraithe isteach go maith i gConamara lena muintir anois ach ní i laghad atá an brú uirthi ag dul sa mbaile agus ar scoil. Níl aon mhaolú ar aistiúlacht a tuismitheoirí, agus a deartháir, dar léi. An ionadh ar bith é go bhfuil Aifric beagán trína chéile?..
Spáslong - 4/11
Nuair a chríochnaíonn na scrúduithe scoile, cuireann Bairtle cóisir ar siúl ina theach do rang Aifric ó tharla a thuismitheoirí a bheith as baile. Pógann Aifric strainséir dathúil ag an gcóisir agus tógann Claudia an rud ar fad ar a ceamara. Geallann Aifric go mbainfidh sí díoltas amach!

Aifric agus Zara - 11/11
Tá cailín nua ar scoil, Zara. Éiríonn Aifric cairdiúil léi ach faigheann sí amach gur neach neamhshaolta í. Sea! Alien! Diúltaíonn Aifric páirt a ghlacadh i seó tallainne na scoile agus de réir mar a thagann dáta an seó níos goire mothaíonn Aifric mar neach neamhshaolta í fhéin!
An Lamh in Uachtar - 18/11
Níl Aifric i ngrá agus mothaíonn sí gurb í féin an t-aon duine ar domhan nach bhfuil. Tá cailín ag Traolach fiú amháin! Ach ní bhíonn Aifric i bhfad faoi bhrón mar faigheann sí amach nach mbíonn gach rud mar is ceart le "cailín" Traolaigh.
CCTV - 25/11
Tá an príomhoide i scoil Aifric tinn den tseafóid ar fad atá ar siúl ag na scoláirí ina scoil. Beartaíonn sé CCTV a shocrú suas sa scoil. Cé gur gceapann na scoláirí go bhfuil sé scannalach théann an Máistír Ó Céide níos faide leis an scéal agus déanann sé taifeadta "reality tv series" - agus na scoláirí mar ábhair an taifid. Sábháileann laoch le cochall na scoláirí - ach cé hé/hí an laoch?
