Sraith thábhachtach nua ina dtugann máistrí sean-nóis an lae inniu cur síos ar na hamhráin is fearr leo, ar an stíl cheoil a fuaireadar le hoidhreacht agus ar na cúiseanna gur fearr leo amhráin áirithe seachas a chéile.
Is ealaín ar leith í an amhránaíocht sean-nóis agus dar le daoine áirithe ní féidir ealaín a mhíniú don té nach bhfuil sí aige. Bíodh sin fíor nó a mhalairt, is cinnte go bhfuil tuiscintí agus léargas ar leith ar na hamhránaithe féin.
I ngach eagrán den 20 clár sa tsraith seo, déanann amhránaí aitheanta sean-nóis dreas comhrá le Antaine Ó Faracháin (amhránaí agus saineolaí ar an sean-nós é féin) agus casann roinnt de na hamhráin is deise leo agus is fearr a thagann leis/léi. Tráchtann siad freisin ar an stíl is ansa leo agus ar foinse na n-amhrán atá acu.
Gach Dé Céadaoin @ 20:00 & Dé Luain @ 19:30
