Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Mórshraith nua drámaíochta Gaeilge, seacht gclár, ina bhfuil an paisean agus an greann (agus beagán den ghruaim freisin) ag féile mhór rásaíochta an tSamhraidh mar chúlra le snáthanna éagsúla an scéil. Cuirtear an dráma i láthair thar sheachtain iomlán na féile agus ceann de na seacht bpeacaí marfacha mar théama breise le gach eagrán.
Tá cliar iontach aisteoirí tugtha le chéile ann, ina measc Don Wycherley, Tom Ó Súilleabháin, Ruth Bradley, Frankie Mc Cafferty, Dairíne Ní Dhonnchú, Seán T. Ó Meallaigh, Eoin Mac Diarmada, Owen Roe, Charlotte Bradley, Donncha Crowley, Áine Ní Dhroighneáin agus Eoghan Ó Riada.




