Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Sraith nua ina bhféachfaimid le teacht ar an damhsóir aonair nó an troupe damhsóirí traidisiúnta is fearr sa tír. Creidtear go bhfuil an damhsa sa tír seo chomh sean le stair na hÉireann féin. Tá an damhsa traidisiúnta thar a bheith láidir sa lá atá inniu ann agus meas ar fud an domhain air, a bhuíochas sin do dhíograis na múinteoirí agus do leithéidí Riverdance agus eile.
Comórtas oscailte é seo ag TG4 – níl aon teora aoise, stíle ná eile i gceist. Má tá damhsa traidisiúnta agat/agaibh, tig leat/libh a bheith páirteach. Reachtáilfear éisteachtaí ar fud na tíre agus gheobhaidh gach duine a dheis a chumas a léiriú – má roghnaítear don chlár teilifíse tú, beidh tú san iomaíocht le gach stil agus aoisghrúpa eile.




