Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Ceann de bhuaiceanna na bliana anois ar TG4 é an beochraoladh ar chomórtas damhsa an tsean-nóis ó Oireachtas na Gaeilge. Ó chuir an cainéal tús leis an gcraoladh seo chúig bhliana ó shin, tá lucht féachana ard meallta aige, bliain i ndiaidh bliana agus daoine faoi dhraíocht ag an spleodar, an spraoi, an tsaoirse agus an éagsúlacht a bhíonn le feiceáil ó na hiomaitheoirí, idir óg agus aosta.
Seo chugat arís i mbliana an cultúr beo, fuinniúil gan fuacht gan faitíos agus an lucht féachana ar an láthair ag gríosadh na n-iomaitheoirí chun geáitsíochta agus chun aclaíochta. Is é Joe Ó Dónaill fear an tí agus níl a shárú ann.




