Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Sraith nua a chuimsíonn comórtas siopadóireachta faisin le suim in aithris a dhéanamh ar na réalta scannán agus ceoil. Tugann dhá fhoireann (beirt an taobh) faoi dhúshlán suimiúil – dhá fheisteas éadaigh atá cosúil le stíl réalta aitheanta a aimsiú agus a cheannacht ar bhuiséad (€200) agus ar am (4 uair an chloig) teoranta.
Is í Céara Ní Chuinn an láithreoir ach fágfar faoi na moltóirí breithiúnas a thabhairt faoin mbuaiteoir agus tá fi os a gceirde ag na moltóirí seo: Louis Copeland, an táilliúr is aitheanta in Éirinn, Fiona McKeon sainchomhairleoir íomhá, an láithreoir teilifíse Bláthnaid Ní Dhonnchadha agus an mainicín agus colúnaí faisin Emma Jane Power.




