Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

GAA BEO - Craoladh beo eisiach teilifíse ar na cluichí Gaelacha, Meán Fómhair - Bealtaine. Is ar Pheil na mBan agus ar Chraobh Club AIB i bpeil agus in iomáint a bheidh an bhéim idir Meán Fómhair agus Nollaig 2009, cluiche mór beo gach Domhnach.
27 Meán Fómhair - Cluichí Ceannais na hÉireann i gCraobh TG4 i bPeil na mBan Beochraoladh eisiach teilifíse.
GAA 2009 - Sa mbreis ar an mbeochraoladh gach Domhnach beidh GAA 2009 ar fáil gach seachtain, buaicphointí ó mhórchluichí Gaelacha an deireadh seachtaine, contae, club agus coláistí.




