Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Lá stairiúil do Chumann Lúthchleas Gael, ag comóradh 125 Bliain a bhunaithe agus do TG4 atá ag tiomnú a chlársceideal iomlán do CLG mar chuid lárnach den cheiliúradh.
Sa mbreis ar an mbeochraoladh eisiach teilifíse ar Cluiche Leath-Cheannais Iomána na Mumhan i gCraobh Club AIB (curaidh Chorcaí v curaidh Thiobraid Árann), is ar théama CLG a bheidh gach clár eile i sceideal TG4 ar feadh an lae, rogha iontach den sean agus den nua, idir fhaisnéis, ghnéchláracha agus cheol, ina measc cláracha faisnéise ar nós Sam Maguire, Micheál O’Hehir, An 50 Cúl Peile is Fearr, An 50 Cúl Iomána is Fearr, Ringy, Cormac, John 3:7 agus Geantraí speisialta CLG.




