Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Guth laethúil an chainéil, léiriú sainiúil ar an tsúil eile. Bíonn an bhéim ar scéalta na Gaeilge, na Gaeltachta agus na réigiún, sa mbaile agus i gcéin. Tá cáil ar Nuacht TG4 as an tsúil a choinníonn sí ar phobail ar fud na tíre. Bronnadh Craobh Eorpach na dTuairisceoirí Teilifíse ar dhuine den fhoireann, Seán Mac a tSíthigh, ag tús an tSamhraidh.
Insíonn Nuacht TG4 scéalta na ndaoine nach mbeadh cead cainte acu ar ardáin eile. Is í Eimear Ní Chonaola a chuireann na scéalta sin i láthair gach oíche ar Nuacht TG4.




