Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Sraith a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan.
Fearg an Ghorta - Tá go leor cainte déanta faoi cheist an ocrais agus is beag cead cainte a fhaigheann lucht an ocrais. Tugtar an deis sin sa gclár seo, do leithéidí Ibrahima Diop, feirmeoir san Afraic atá ag iarraidh an scéal a leigheas ach nach bhfaigheann mórán cúnaimh ó lucht ceannais agus óráidíochta.
Dóchas san Afraic, Is Glas iad Cnoic Hollywood, Cleamhnas agus Spré & Fostaíocht Uathachais.




