Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Tá seirbhís chuimsitheach nuálach TG4 do dhaoine óga roinnte ina thrí bhloc laethúil clár an Fómhar seo, rud a chinntíonn freastal don uile dhuine, ó aois réamhscoile go hollscoile. Cuimsíonn an tseirbhís seo an chuid is fearr de na cláracha baile mar aon le scoth an ábhair ón iasacht, athghuthaithe go Gaeilge, pointe tarraingteach taitneamhach leis an teanga agus siamsaíocht ar fheabhas.
Mar cúrsaí mara is suim leo, tig leo dul ag tumadóireacht Dive Ollie Dive agus is san aer a bheidh eachtraí Thaidhgín an tEitleán. Tá neart gluaiseachta ag Bo ag Bogadaí, cailín óg atá lán d’fhuinneamh agus ag an madra spraoiúil sin Loopdidoo.




