Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Seo an zón laethúil do dhaoine óga 5-12 bliain agus beidh sé ar an aer, 2.30pm-4.50pm, Luan-Aoine ó 31 Lúnasa. Tá scoth na sraitheanna anamúlachta ar fáil ann, athghuthaithe go Gaeilge. Ar na sraitheanna nua don séasúr seo, tá Mighty Bee, beach eolas fi osrach, Eliot Kid, ógánach le samhlaíocht gan teora mar aon le sraitheanna aitheanta eile ar nós Shaggy & Scooby Doo.
Tá séasúir nua de shraitheanna bunaithe ar fáil freisin, ina meas Ben 10, Back at the Barnyard, agus ceiliúradh speisialta ar an deichiú séasúr ar Spongebob Squarepants le heagrán ag tús agus deireadh gach lae agus eagrán nua as an bpíosa gach Aoine.




