Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Sraith úrnua den sraithdhráma is dúchasaí agus is tíriúla ar fad. Níl aon mhaolú ar an ngreann, ar na haighnis agus ar na heachtraí mioscaise agus míthuisceana sa mbaile beag seo cois cuain.
Ag tús an tséasúir, faigheann Tadhg agus Frances amach nach dtiocfaidh a naíonán nua-bheirthe slán gan smior a fháil ó dhuine gaolta – agus tá alltacht orthu a fháil amach gurb é Jason an t-aon duine atá oiriúnach lena sholáthar. Is fuath le Jason a athair, Tadhg agus bheadh drogall an domhain air teacht i gcabhair air ar aon bhealach.
Beidh a chuid fadhbanna tinnis féin ag Peadar bocht freisin, is cosúil, agus dea-scéala ag Adelaide.




