Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Teideal nua na seirbhíse laethúla do dhaoine óga 13-18 bliain ina bhfuil drámaíocht, réilifís, guais-spórt, léirmheasanna agus comórtais, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh.
Drámaíocht - Tá na sraitheanna is fearr agus is úire sa zón seo, ina measc an duais shraith Ghaeilge Aifric, séasúr nua 8 Simple Rules agus My Spy Family.
Guais Spórt - Seo snáth nua i zón Ponc agus tá an duais-shraith Groms Tour ar fáil ann. Taispeántar rogha leathan guais-spóirt ar Planet X freisin agus tá neart eile de le feiceáil ar Red Bull X Fighters agus Air Race.




