Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Tá rogha fairsing ardchaighdeáin scannán ag TG4 arís an Fómhar seo, leagtha amach mar seo a leanas...
- Scannán na Seachtaine (9.05pm Dé Máirt)
- An Western (9pm Dé hAoine)
- Le Film (11.30pm Dé hAoine)
Ceangal le hÉirinn: The Butcher Boy, Intermission, Interview with a Vampire, Into the West, Ordinary Decent Criminal, Michael Collins, The Most Fertile Man in Ireland, Lilac Bus, Trauma, Nothing Personal.
Aicsean & Eachtraíocht, Do na Mná, Scoth an Domhain Mhóir, Súil Eile na Scannán & An Maith leat Buachaillí Bó?




