Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

True Blood (12 x 60’) Sraith nua ó Alan Ball (duais léiritheoir Six Feet Under), atá ar maos i rómánsaíocht, rúndiamhra agus greann, bunaithe ar úrscéalta Sookie Stackhouse ón údar Charlaine Harris. Seo scéal Sookie, bean a bhfuil de chumas aici cúléisteacht le smaointe daoine eile agus atá tuisceanach freisin ina dearcadh ar vaimpíreanna.
Ar na sraitheanna eile atá ag filleadh ar TG4 an Fómhar seo, tá; Lipstick Jungle, Gossip Girl & Samantha Who?.
Amach anseo freisin fillfidh na sraitheanna aitheanta eile seo le séasúr nua clár: Nip Tuck, One Tree Hill, Cold Case, Curb Your Enthusiasm agus Two and a Half Men.




