Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Sraith nua faisnéise a rianaíonn an oidhreacht láidir Éireannach atá ar fáil i stair na mbuachaillí bó i Meiriceá agus a fhéachann le teacht ar an bhfírinne faoi chuid de na finscéalta atá cruthaithe faoi mhórcharachtair na linne sin. Scrúdóidh gach clár cúlra phearsa nó eachtra cháiliúil amháin agus beidh láithreoir éagsúil aitheanta ar gach clár chun a bhlas féin a chur ar an insint.
Billy the Kid – Chuirfidh Manchán Magan aighne ar an bhfear seo a raibh fuil na gCárthach ina chuislí agus na sloinnte Antrim agus Bonney luaite lena mhuintir freisin. Craolfar an scannán Pat Garret and Billy the Kid a stiúraigh Sam Peckinpah i 1973 díreach ina dhiaidh agus Kris Kristofferson sa bpríomhpháirt.




