Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Scáth-theideal ar chláracha aonaracha, leathuair an chloig ar fhad. Is minic gur scéal pearsanta atá á insint agus tugtar an deis don duine a scéal a insint ar a luas agus ina bhealach féin.
Ar Oscailt - Léiriú ar an siopa tuaithe agus a ról sa bpobal, mar a fheictear é do thriúr a bhfuil siopaí acu in áiteanna éagsúla in iarthar na tíre.
Tugann an clár seo léargas uathúil dúinn ar staid reatha agus ar thodhchaí an tsiopa i saol na tuaithe in Éirinn agus ar na dúshláin mhóra a bheidh le sárú ag na húinéirí agus ar an tionchar a bheidh ag aon athrú ar an bpobal trí chéile.




