Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Sraith thábhachtach nua ó fhoireann léirithe Mhobs Mheiriceá, ina rianaítear stair eachtrúil agus ról lárnach na nÉireannach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe le céad go leith bliain anuas. Cuirfi dh an tsraith seo síos ar chuid de na carachtair ba cháiliúla agus ba chonspóidí sa bpolaitíocht Ghael-Mheiriceánach.
Díreoidh gach clár ar dhuine amháin agus ar a thionchar ina cheantar féin lena linn agus ar a oidhreacht, idir phearsanta agus pholaitiúil. Richard ‘Boss’ Croker, Alfred E Smith, Boss Tom Prendergast, James Michael Curley, Richard J. Daley & John F. Kennedy.




