Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Sraith clár ceoil agus faisnéise ina dtugann ceoltóir aitheanta ónár linn féin ómós do laoch ceoil a chuaigh roimhe agus a d’fhág rian ar oidhreacht cheoil na hÉireann.
Is minic lucht ceoil ag tabhairt aitheantais do na daoine a thug port nó fonn nó amhrán dóibh. Tuigeann ceoltóirí go bhfuil siad faoi chomaoin ag an dream a chuaigh rompu agus gur gá an t-aitheantas sin a aithint agus a chur in iúl.
Cérbh iad na laochra seo agus cén chomaoin go díreach a chuir siad orainn? Sin í an cheist a fhreagrófar sna cláracha seo...




