Tá drámaíocht nua den scoth, cláracha fiosracha faisnéise a thugann léargas nuálaíoch ar an oidhreacht Ghaelach sa mbaile agus i gcéin, ceol, damhsa agus amhránaíocht ó mháistrí na n-ealaíon sin, clúdach eisiach ar na cluichí Gaelacha d’fhir is do mhná, athchóiriú agus forbairt shubstaintiúil ar an soláthar do dhaoine óga mar aon le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha nach bhfuil a sárú ann i measc na ngnéithe is suntasaí de Chlársceideal Fómhair TG4 do 2009.
• DRÁMAÍOCHT
Rásaí na Gaillimhe - Ros na Rún - Na Cloigne
• FAISNÉIS
Cowboys - Cogar - An Bóthar go dtí an Whitehouse
• CEOL
Céarbh É? - Amhráin is Ansa Liom - Ceol Daniel
• SIAMSAÍOCHT
Jig Gig - Steip - Stil na Realt
• SPÓRT TG4
Peil na mBan / GAA na gClub - GAA @ 125
• CÚRSAÍ REATHA
Nuacht TG4 - 7 Lá - Fíorscéal
• DAOINE ÓGA
Cúla4 na nÓg - Cúla 4 - Ponc
• SCANNÁIN & SRAITHEANNA
Scannáin - Sraitheanna

Sraith thábhachtach nua ina dtugann máistrí sean-nóis an lae inniu cur síos ar na hamhráin is fearr leo, ar an stíl cheoil a fuaireadar le hoidhreacht agus ar na cúiseanna gur fearr leo amhráin áirithe seachas a chéile.
Is ealaín ar leith í an amhránaíocht sean-nóis agus dar le daoine áirithe ní féidir ealaín a mhíniú don té nach bhfuil sí aige. Bíodh sin fíor nó a mhalairt, is cinnte go bhfuil tuiscintí agus léargas ar leith ar na hamhránaithe féin.
I ngach eagrán den 20 clár sa tsraith seo, déanann amhránaí aitheanta sean-nóis dreas comhrá le Antaine Ó Faracháin agus casann roinnt de na hamhráin is deise leo agus is fearr a thagann leis/léi.




