SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AN AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS FEIS & BLOOD NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT VÓTA 2011
AMHRÁIN IS ANSA LIOM BEAN AN TÍ SA CHISTIN CEOL AR AN IMEALL CORP + ANAM DÁITHÍ AR ROUTE 1 FÍORSCÉAL GAA BEO GARRAÍ GLAS GRADAM CEOIL TG4 IMEALL ROS NA RÚN SRAITH MAGNERS
BARRY DREA DONNCHADH CORCORAN GAVIN SATCHWELL GRACE FLYNN IAN SHERIDAN JOANNE HANRAHAN JUDE BENSON MICHEÁL Ó SÉ MICHEÁL O'GRADY NIAMH FIRTEAR PÁDRAIC GANNON RONNIE WHITE
COIMISIÚNÚ LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 
 

2000 - MARY BERGIN

Sa bhliain 2000 b'í Mary Bergin an chéad duine de cheathrar ó Bhaile Átha Cliath a fuair Gradam Ceoil TG4 go dtí seo. Aithnítear Mary mar cheoltóir a bhfuil níos mó déanta aici ná éinne eile chun an fheadóg stáin a thabhairt chun cinn i saol an cheoil Ghaelaigh. Tá cumas na h-uirlise bige simplí seo léirithe aici, lena stíl shainiúil stuama, agus inchreidteacht tugtha aici d'uirlis a sheinneann na mílte ach a raibh neamh-aird agus b'fhéidir beag is fiú déanta de ag na mílte eile.

Rugadh agus tógadh Mary sa Sean Chill i ndeisceart Átha Cliath, agus d'fhoghlaim sí a cuid ceoil ó cheoltóirí áitiúla agus ó chuairteoirí go dtí an phríomh-chathair. Sheinn sí go rialta ag seisiúin sa Charraig Dhubh agus i gClub Shráid na hEaglaise agus Club Shráid Thomáis i lár na cathrach. Bhí sí mar bhall de Bhanna Céilí an Green Linnet agus de Cheoltóirí Laighean. Bhog sí siar go dtí An Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe ansin, áit a bhfuil sí ina cónaí fós.

Bhí tionchar ollmhór ag a céad cheirnín aonair, Feadóga Stáin, a d'eisigh Gael-Linn i 1979. Ó shin, tá ceirnín aonair eile déanta aici, sheinn sí le De Danann agus tá sí ina ball den ghrúpa Dordán, a mheascann an ceol traidisiúnta le ceol barócach. Tá cáil i bhfad is i ngearr ar an ngrúpa agus tóir ar leith air ar fud na hEorpa.

Tá cáil ar Mary mar mhúinteoir den scoth agus tá glúin óg ceoltóirí spreagtha agus tugtha i mbláth aici i gceantair Chois Fharraige agus na Gaillimhe.

 

 
 
 
GAEILGE FEEDBACK SHOP TG4 LIVE PLAYER BAILE