Is eiseamláir iontach é John den seachadadh atá déanta ar an gceol Gaelach i Londain chuig an dara agus an tríú glúin de shliocht na n-imirceach Éireannach agus ar an gcaomhnú agus ar an bhforbairt atá déanta ar an gceol dá bharr. Cé go raibh tionchar láidir ag fód dúchais a thuismitheoirí i Ros Comáin agus i gConamara ar stíl cheoil John ar an bhfidil, ar an banjo agus ar an bhfeadóg mhór, bhí dlúthbhaint aige chomh maith leis an stíl sainiúil a chloistear anois i measc cheoltóirí Londain.
Bhí ceol le cloisteáil sa bhaile agus é ina ghasúr; is ceoltóirí cumasacha ar an bhfeadóg mhór iad a athair, John P, agus a dheartháir, James. Ar nós go leor daoine óga eile i Londain, thosaigh John ag foghlaim ón gCláiríneach Brendan Mulkere. Ghlac sé páirt i gcomórtais an Fhleadh Ceoil agus bhí sé sáite i saol an cheoil a bhí faoi bhláth i Londain ag an am.
Tar éis dó bliain a chaitheamh ag seinm agus ag múineadh san Astráil, d'fhill John agus a bhean Maureen, ar Éirinn, ag cur fúthu in áit dhúchais a athar, in aice le Mainsitir na Búille. Mar a rinne sé i Londain, tá John sáite i gcúrsaí ceoil thart ar cheantar dheiscirt Shligigh agus Ros Comáin.
Tá dlúthdhioscaí aonair agus beirte eisithe aige, seinneann sé leis na grúpaí At the Racket agus Patrick Street agus bíonn sé ag taisteal na cruinne mar cheoltóir aonair, ag múineadh agus ag seinm. Le tamall anuas is minic é i gcomhluadar Mhatt Molloy, buaiteoir eile an Ghradaim Ceoil agus is suntasach an pháirtíocht í seo ina bhfuil léiriú agus forbairt ar traidisiún ársa na fidile agus na feadóige móire i dtuaisceart Chonnacht.