D'fhill James Kelly ar Éirinn ó Miami, Florida, chun glacadh le Gradam Ceoil TG4 2006.
Cé gur rugadh i mBaile Átha Cliath é, bhí James agus a theaghlach báite go smior i dtraidisiúin ceoil iarthar an Chláir, an áit gurbh as dá athair, John. Tá stíl traidisiúnta a chuid ceoil - seasta ach cruthaitheach - agus a chumas mar mhúinteoir, ina n-inspioráid don uile dhuine a chloiseann é.
"Ba ollmhór an onóir í a bheith roghnaithe ag TG4 mar cheoltóir na bliana i 2006. Caithfidh mé a admháil gur chuir sé ionadh orm. Nuair a fuair mé an scéala, chuir sé ag cuimhneamh mé, siar go dtí na ceoltóirí móra a bhí mar inspioráid agam le linn mo shaoil: m'athair John, Michael Coleman, Willie Clancy, Bobby Casey, Joe Ryan, Denis Murphy, John Doherty, Danny Meehan, Tommy Potts, Vincent Campbell, Darach Ó Catháin, Tony MacMahon, Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann agus Banna Céilí an Chaisleáin.
Tá sé fíor-dheacair focla a chur ar thábhacht an Ghradaim dom. Tuigim gur aitheantas é ar an mbóthar atá roghnaithe agam leis an gceol agus a leanfaidh mé air - ag seinm agus ag múineadh - chun ceoltóirí agus lucht leanta an cheoil a threorú ar rian na máistrí. Labhair na máistrí seo óna gcroí amach lena gcuid ceoil agus léirigh siad meas mór agus fíor-ghrá don cheol Gaelach, a thraidisiún agus a stair."
James Kelly