SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AN AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS FEIS & BLOOD NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT VÓTA 2011
AMHRÁIN IS ANSA LIOM BEAN AN TÍ SA CHISTIN CEOL AR AN IMEALL CORP + ANAM DÁITHÍ AR ROUTE 1 FÍORSCÉAL GAA BEO GARRAÍ GLAS GRADAM CEOIL TG4 IMEALL ROS NA RÚN SRAITH MAGNERS
BARRY DREA DONNCHADH CORCORAN GAVIN SATCHWELL GRACE FLYNN IAN SHERIDAN JOANNE HANRAHAN JUDE BENSON MICHEÁL Ó SÉ MICHEÁL O'GRADY NIAMH FIRTEAR PÁDRAIC GANNON RONNIE WHITE
COIMISIÚNÚ LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 
 

2007 - LIAM O'FLYNN

Rugadh Liam sa gCill i gContae Chill Dara. Fidléir ab ea a athair, Liam agus pianódóir a mháthair, Masie. Chuaigh ceol ó thriúir phíobaire go mór i bhfeidhm air - Leo Rowsome, Willie Clancy agus Séamus Ennis.

Thuill sé clú idirnáisiúnta agus é ina bhall de Planxty, an grúpa a d'fhág rian láidir ar an gceol sna 1970í. Tá meas forleathan freisin ar a chuid ceoil le ceolfhoirne clasaiceacha. I 1980 b'é a bhí mar cheoltóir aonair don dreas cáiliúil The Brendan Voyage, a chum Shaun Davey.

Thaifead Liam le go leor i bpáirt le réalta ceoil na tíre seo agus an domhain mhóir i réimse leathan stíle, ina measc - Kate Bush, The Everly Brothers, Enya, Nigel Kennedy, and Mark Knopfler.

Is minic é ar thóir gnéithe nua, samhlaíocha agus nuálacha ceoil le forbairt. Sheinn sé ar an ardán céanna le Duaiseoir Litríochta Nobel, an file Séamus Heaney.

Le blianta beaga anuas, tá roinnt cumadóireachta dá chuid féin déanta ag Liam. Chum sé An Droichead, a sheinn sé ag searmanas insealbhaithe Mháire Mhic Giolla Íosa mar Uachtarán na hÉireann.

Tá a chuid ceoil le cloisteáil ar os cionn 50 albam, idir cheol aonair, bheirte, agus ghrúpaí. Tá sé fós ag seinm leis, ag taifeadadh agus ag taisteal an domhain lena bhanna, an Piper's Call Band.

 

 
 
 
GAEILGE FEEDBACK SHOP TG4 LIVE PLAYER BAILE