Rugadh é i Cnoc an Ois in aice leis an Fhiacail in oirthear an Chláir i 1962. Ceoltóir aitheanta ab ea a athair, PJ, duine de bhunaitheoirí Bhanna Céilí na Tulaigh. Is uncail leis é an fidléir clúiteach, Paddy Canny agus is amhránaí traidisiúnta í a dheirfiúr Helen.
Thosaigh Martin ag seinm ar an bhfidil in aois a seacht mbliana agus bhí sé ag glacadh páirte i gcomórtais náisiúnta agus é ina dhéagóir óg. Bhuaigh sé sé chraobh náisiúnta ag féilte éagsúla, agus bhí sé ag taisteal na tíre, agus níos faide i gcéin, le Banna na Tulaigh nuair a bhí sé 14 bliain d'aois.
Bhí tionchar ag ceoltóirí ar nós Micho Russell agus Paddy Fahy, Tommy Potts agus Miles Davis air agus é ag forbairt a stíl cheoil féin.
Thug sé aghaidh ar Chicago sna hochtóidí, áit ar sheinn sé ceol traidisiúnta ar dtús, agus ansin ceol rac-Cheilteach leis an ngrúpa Midnight Court. Is anin a chas an giotaraí Denis Cahill air agus tá siad ag seinm le chéile ó shin.
Cé go bhfuil Martin ina chónaí in Connecticut i Stáit Aontaithe faoi láthair, caitheann sé cuid mhaith den bhliain anseo in Éirinn. Bíonn éileamh air mar cheoltóir agus mar mhúinteoir i gcónaí, agus bíonn sé ag teagasc ag Scoil Samhraidh Willie Clancy gach bliain.
Tá sé ina stiúrthóir ceoil ag an bhféile, Máistrí an Traidisiúin, i mBeantraí, agus tá sé féin agus Denis mar dhlúth-pháirt d'Fhéile na Fiacaile, ina bhaile dúchais.