SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AN AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS FEIS & BLOOD NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT VÓTA 2011
AMHRÁIN IS ANSA LIOM BEAN AN TÍ SA CHISTIN CEOL AR AN IMEALL CORP + ANAM DÁITHÍ AR ROUTE 1 FÍORSCÉAL GAA BEO GARRAÍ GLAS GRADAM CEOIL TG4 IMEALL ROS NA RÚN SRAITH MAGNERS
BARRY DREA DONNCHADH CORCORAN GAVIN SATCHWELL GRACE FLYNN IAN SHERIDAN JOANNE HANRAHAN JUDE BENSON MICHEÁL Ó SÉ MICHEÁL O'GRADY NIAMH FIRTEAR PÁDRAIC GANNON RONNIE WHITE
COIMISIÚNÚ LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 
 

2009 - CHARLIE HARRIS

Fear ciúin stuama é, duine de laochra an bhosca ceoil agus saineolaí ar thraidisiún saibhir na huirlise sin i ndeisceart na Gaillimhe.

Is i gCill Mhocheallóg i gCo Luimnigh a rugadh é i 1953 agus cé nach raibh aon cheol ag a mhuintir, bhí taisce de na seancheirníní 78 sa teach agus b'iad seo spreag suim Charlie óg sa mbosca ceoil, uirlis a fuair sé ar iasacht agus a d'fhoghlaim sé as a stuaim féin.

Agus é ina fhear óg seo leis ar imirce go Londain, lárionad mór ceoil traidisiúnta ag an am. Casadh na máistrí ar fad a bhí lonnaithe sa gcathair sin leis ann ach b'é Raymond Roland, boscadóir cáiliúil as deisceart na Gaillimhe is mó a d'imir tionchar ar Charlie Harris. Bhí Roland féin an-tógtha le stíl Joe Cooley agus bhí a ionsprioráid aimsithe ag fear óg Luimnigh. Ba mhinic é ag seinm sa The White Hart le Raymond Roland agus P J Crotty. Is le linn na tréimhse seo freisin a chuir sé eolas ar cheol Joe Derrane agus PJ Conlon agus chuaigh stíl Tony Mac Mahon, Jack Doyle as Ciarraí agus Billy Caples i mBoston i bhfeidhm air freisin.

D'fhill Charlie ar Éirinn i 1981 agus ní nach ionadh is i ndeisceart na Gaillimhe a chuir sé faoi agus b'é an ceol a shlí mhaireachtála feasta. Go gairid ina dhiaidh seo cheangail sé leis an mbanna ceoil cáiliúil The Shaskeen. Sheinn sé leo go dtí 1995, ag taisteal na tíre agus na Breataine agus thaifead seacht gceirnín ar fad leo.

Is in Ard Raithin atá cónaí air faoi láthair agus is minic é ag seinm go háitiúil, le leithéidí Pat O'Connor, fidléir as Co an Chláir agus le Des Mulkere, fear an bhainseó.

 

 
 
 
GAEILGE FEEDBACK SHOP TG4 LIVE PLAYER BAILE