SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AN AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS FEIS & BLOOD NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT VÓTA 2011
AMHRÁIN IS ANSA LIOM BEAN AN TÍ SA CHISTIN CEOL AR AN IMEALL CORP + ANAM DÁITHÍ AR ROUTE 1 FÍORSCÉAL GAA BEO GARRAÍ GLAS GRADAM CEOIL TG4 IMEALL ROS NA RÚN SRAITH MAGNERS
BARRY DREA DONNCHADH CORCORAN GAVIN SATCHWELL GRACE FLYNN IAN SHERIDAN JOANNE HANRAHAN JUDE BENSON MICHEÁL Ó SÉ MICHEÁL O'GRADY NIAMH FIRTEAR PÁDRAIC GANNON RONNIE WHITE
COIMISIÚNÚ LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 
 

2010 - SEÁN McKIERNAN

Cainteoir dúchais as Carna in Iorrais Aithneach in iarthar na Gaillimhe é an píobaire ildánach seo. Bhí cáil an cheoil agus an tseanchais ar a mhuintir roimhe mar gur garmhac é le Pádraic Mac Con Iomaire, duine de na fonnadóirí is mó a sholáthraigh ábhar do lucht bailithe an cheoil.

Ba mhinic leithéidí Shéamus Ennis ag triall ar tigh Mhic Con Iomaire agus níorbh iontas é go bhfuair a chlann an stór iontach sin agus meas ar an oidhreacht le huachta. Thug siad an taisce sin leo ar imirce agus is i mBoston a rugadh Seán ach bhí Gaeilge aige ón gcliabhán agus grá don cheol ón dá thaobh mar go raibh a athair (as Co Liatroime) ábalta go maith ar an bhfidil.

Thug an buachaill óg an ceol leis go luath agus bhíodh a bheirt aintín thall, Bridie agus Annie á spreagadh freisin. Chuir sé suim sna píobaí uilleann agus d'éirigh leis teagmháil a dhéanamh le Leo Rowsome a dhíol seit foghlaimeora píobaí leis ar £10.

Tháinig Seán chun cónaithe in Éirinn i 1965 agus seo leis ag cur aithne ar Willie Clancy, píobaire ciotógach eile, a raibh a chuid ceoil cloiste aige thall ar cheirníní.

D'fhág píobaireacht Phatsy Tuohy a rian go láidir ar Sheán freisin agus is cúis bhróid ar leith dó go bhfuil seit píobaí a rinne Taylor agus a bhíodh ag Tuohy aige féin anois.

Bíonn Seán i gCorcaigh go rialta freisin mar gur múinteoir pianó é i Scoil an Cheoil sa gcathair sin. Is minic é ag seinm ag Tionóil sa mbaile agus i gcéin.

 

 
 
 
GAEILGE FEEDBACK SHOP TG4 LIVE PLAYER BAILE