Tá gean agus meas ar leith ar an bhfear seo a rugadh i gCoillte Clochair i gCo Liatroma i 1928, an duine is sine de cheathrar mac. Fidléirí ab ea muintir a athar ar fad agus bhí láimh mhaith ar an bpianó agus ar uirlisí eile ag a mháthair freisin.
Múinteoir áitiúil damhsa, Seán O’Donoghue ó Bhéal Átha Seanaidh a thug a chéad ceachtanna ceoil do Bhen agus gan é ach deich mbliana d’aois. D’fhoghlaim sé cuid mhaith ceoil freisin ó fhidléirí comharsanacha i bhFear Manach, John Timoney agus John Gordon agus ón bpíobaire áitiúil Francis John Mc Govern a raibh an fhidil agus an fheadóg mhór ar a thoil aige freisin. Le linn na tréimhse seo bhí an-éileamh ar na sean-cheirníní 78 a thaifead leithéidí Coleman, Morrison agus Killoran i Meiriceá ach a bhíodh á seoladh abhaile go hÉirinn go rialta ag imircigh.
Thug Ben aghaidh ar Shasana i 1949 agus chuaigh le ceird a athar, éadach. Ar fhilleadh go hÉirinn dó, chaith sé tréimhsí oibre i gCorcaigh agus i Luimneach agus ar deireadh i mbaile Dhún na nGall le comhlacht bréidín Magee. Ar a thaisteal dó chuir sé suim i gcónaí sa stíl áitiúil ceoil traidisiúnta agus chuir aithne ar na máistrí sna réigiúin eile.
Agus é ag obair i gCorcaigh, bhunaigh Ben banna le Jackie Daly, Charlie Piggott agus Gary Cronin, agus sheinnidís gach Déardaoin sa Sunset Ridge Motel sa mBlarna. Go gairid tar éis dó dul amach ar pinsean 1989, thaifead sé a chéad cheirnín, Dog Big, Dog Little ar lipéad Cheirníní Claddagh agus a chomharsain Séamus Quinn, Ciarán Curran agus Gabriel Mc Ardle as Fear Manach ina chuideachta. Bhí sé féin páirteach freisin sa gceirnín den teaghlach a d’eisigh Gael Linn i 1993 faoin teideal Dance of the Honey Bees agus i 1999 heisíodh The Natural Bridge, diosca ar a bhfuil Ben agus a chairde ceoil, ina measc a bheirt mhac Maurice agus Brian agus a dheartháir Charlie.
Bhí sé féin agus a theaghlach mar thaca don togra faoina heisíodh dlúthdhiosca comórtha agus ómóis don fhidléir áitiúil John Gordon agus is ceiliúradh eile ar cheol an cheantair sin é an diosca Within a Mile of Kilty, ar a bhfuil Ben ag seinm. Rossinver Braes is teideal don eisiúint is deireanaí uaidh agus é ag seinm le Tony O’Connell, fear consairtín as iarthar Luimnigh.
Is minic é ag seinm ag scoileanna samhraidh agus féilte agus feictear go rialta é ar an teilifís. Léirigh agus chraol TG4 clár faoi Ben agus a dheartháir Charlie sa tsraith ómóis Sé Mo Laoch. Mar aitheantas dá saothar ar son an cheoil agus a ndúthracht ag caomhnú agus ag seachadadh oidhreacht cheoil an chontae, bhronn Comhairle Contae Liatroma Saoirse an Chontae ar an mbeirt dearthár i 2007.
Tá cónaí air anois i Ros Inbhir ina chontae dúchais lena bhean Patsy agus is breá leis corr phort a sheinm lena chara Jim Connolly.