Is i Chicago a rugadh agus a tógadh an fidléir agus an cumadóir cumasach seo. B’as an Tulach Mhór a hathair, boscadóir binn agus is as ceantar Bhaile Dhá Thuile i Luimneach dá máthair, fidléir.
Is leis an gceol clasaiceach a thosaigh Liz agus gan í ach naoi mbliana d’aois agus an tSiúr Francine mar mhúinteoir aici ach bhí ceol traidisiúnta a tuismitheoirí ina cluasa ar feadh a hóige freisin. Níorbh fhada go raibh sí neadaithe i gcomhluadar an cheoil sin i gCathair na Gaoithe agus í ag éisteacht le mór-cheoltóirí Chicago, leithéidí Johnny McGreevy, Kevin Keegan, Joe Cooley, Séamus Cooley, Kevin Henry, agus Joe Shannon.
Chuir an oiliúint seo ar bhóthar a leasa í agus bhuaigh sí Craobh Shinsear na hÉireann ar an bhfidil agus gan í ach ocht mbliana déag. Is é an ceol a gairm ó shin.
Mar cheoltóir aonair agus mar bhall de ghrúpaí aitheanta ar nós Cherish the Ladies, Greenfields of America, Trian, agus String Sisters, tá an domhan siúlta aici agus is iomaí sin ceolchoirm agus taifeadadh tráchtála ina raibh sí páirteach. Faoi láthair is leis an gceol beirte is mó atá sí ag plé, le John Doyle.
Sa mbliain 2009 fuair sí aitheantas ar leith nuair ab í an chéad cheoltóir Gael-Mheiriceánach riamh a fuair Double Play, a halbam le John Doyle ainmniúchán ón duais-scéim Grammy. Roimhe sin bhí an National Heritage Fellowship bronnta uirthi i 1994 mar aitheantas dá cumas oirfididh agus cumadóireachta. Sheinn sí ceol do dhuine cáiliúil eile as a cathair dúchais, an tUachtarán Obama, ag lón na Féile Pádraig i 2009.
Is í a cuid cumadóireachta féin is mó atá ar fáil ar a cuid dioscaí – ón gcéad albam A Friend Indeed i 1979 go dtí Double Play i 2009. Níl moladh is airde ar a cuid cumadóireachta ná a mhinicí is a cloistear iad á seinm ag scoth na gceoltóirí eile agus á dtaifeadadh ag grúpaí ar nós Sharon Shannon, Dervish, Solas agus go leor eile.
Anuraidh foilsíodh Collected, an chéad leabhar dá cuid cumadóireachta, 185 píosa san iomlán, léiriú ealaíonta ar a bhfuil déanta aici go dtí seo agus gan í ach ina thús.