SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AN AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS FEIS & BLOOD NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT VÓTA 2011
AMHRÁIN IS ANSA LIOM BEAN AN TÍ SA CHISTIN CEOL AR AN IMEALL CORP + ANAM DÁITHÍ AR ROUTE 1 FÍORSCÉAL GAA BEO GARRAÍ GLAS GRADAM CEOIL TG4 IMEALL ROS NA RÚN SRAITH MAGNERS
BARRY DREA DONNCHADH CORCORAN GAVIN SATCHWELL GRACE FLYNN IAN SHERIDAN JOANNE HANRAHAN JUDE BENSON MICHEÁL Ó SÉ MICHEÁL O'GRADY NIAMH FIRTEAR PÁDRAIC GANNON RONNIE WHITE
COIMISIÚNÚ LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 
 

Muireann Nic Amhlaoibh: Amhránaí TG4

Muireann Nic AmhlaoibhCainteoir dúchais Gaeilge í a chaith tús a saoil ar oileáin Inis Oírr i nGaillimh agus Chléire i gCorcaigh sular lonnaigh an teaghlach i nDún Chaoin i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Is ceoltóir é a hathair Feargal agus ba mhinic Muireann ina chomhluadar ag seisiúin agus í ina cailín óg. Chaith sí sé shéasúr le Siamsa Tíre agus chuaigh amhránaithe sean-nóis Chorca Dhuibhne i bhfeidhm uirthi, go háirithe Áine Uí Laoithe, Eilín Ní Chearna agus teaghlach cáiliúil Uí Bheaglaoich.

Is ar Ollscoil Luimnigh a d’fhreastail sí agus bronnadh céim Máistreachta in Oirfididh an Cheoil Traidisiúnta uirthi.  Mar chuid den chúrsa sin, léirigh sí albam aonair amhrán agus ceoil faoin teideal  Réalt na Maidine/Morning Star.  Is teagascóir anois í leis an alma mater, Dámh Chruinne Éireann, Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh.
 
Cheangail sí leis an ngrúpa Danú mar amhránaí i 2003 agus seinneann sí na feadóga, mór agus stáin, leis an ngrúpa anois freisin. Sa mbliain 2004 bhuaigh Danú gradam BBC2 don ghrúpa ceoil traidisiúnta ab fhearr agus thug a leagan d’amhrán Tommy Sands The County Down an duais don amhrán ab fhear leis ag na duaiseanna céanna. Bhuaigh Muireann an gradam don amhránaí ab fhearr ó dhuaiseanna liveireland.com i  2005.

Ar na halbaim atá taifeadtha aici le Danú, The Road less Travelled (2003), Up in the Air (2004), When all is said and done (2005), One night stand (DVD 2005) agus Seanchas (2010).  D’eisigh sí a céad mórdhiosca aonair, Daybreak/ Fáinne an Lae i 2006 agus tá Oisín McAuley and Éamonn Doorley ó Danú agus Gerry O’Beirne agus John Doyle páirteach freisin. I nDeireadh Fómhair   2008 thaifead sí Dual, comh-shaothar Gaeilge/Gáidhlige le Julie Fowlis, Éamonn Doorley agus Ross Martin a thug léargas ar na snáithe gaoil idir cultúir agus ceol na dteangacha sin.

Tá an domhan mór siúlta aici ag déanamh ceoil agus is minic í i mbun ceardlanna amhránaíochta agus feadóga.   Glacann sí páirt go rialta i gcraolta ceoil sa tír seo ar raidió agus teilifís, ina measc The Highland Sessions ar BBC agus go leor eile.  Chomh-láithrigh sí Gradam Ceoil TG4 i 2007 agus is minic í ar chláracha eile an chainéil sin, ina measc Geantraí, Ceolchuairt agus  Anam an Amhráin.

Watch

www.muireann.ie

 
 
GAEILGE FEEDBACK SHOP TG4 LIVE PLAYER BAILE