Tá ardmheas ar an bhfear ildánach as Cluain Meala mar cheoltóir nuálach ar an bpianó, mar chumadóir, mar léiritheoir agus mar shaineolaí acadúil.
Is i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh a bhain sé a bhunchéim agus a chéim Máistreachta sa gCeol amach agus é ina mhacléinn ag Aloys Fleishmann agus Seán Ó Riada. As sin go Coláiste na Ríona leis gur bhain Dochtúireacht amach agus chaith sé seal ina dhiaidh sin in Ollamh i Boston College, áit ar bhunaigh sé Cartlann an Cheoil Ghaelaigh i Meiriceá.
I 1994 ceapadh é mar chéad Ollamh le Ceol in Ollscoil Luimnigh agus is ansin a bhunaigh sé Dámh Chruinne Éireann, Rince agus Ceol, institiúid nuálach taighde agus léinn a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach aige ó shin agus cáilíocht chéime bainte amach ann ag breis is 2000 macléinn i raon leathan léinn agus oirfidigh.
Sa mbliain 2005, ceapadh é mar Chathaoirleach bunaidh ar Chultúr Éireann foras reachtúil nua bhunaigh an Rialtas chun na healaíona Éireannach a chur chun cinn ar fud an domhain. Athcheapadh sa ról sin é sa bhliain 2009.
Is léiritheoir aitheanta é a bhfuil rian a láimhe ar go leor dlúthdhioscaí a taifeadadh sa tír seo agus thar lear. Áirítear mar chlasaicigh anois an trí dhiosca a léirigh sé mar stiúrthóir ceoil ina bhfuil an t-amhránaí Nóirín Ní Riain agus cór na manach as Mainistir Ghleann Stáil san 1980idí. B’é a chuir i láthair an tsraith cheannródúil teilifíse A River of Sound (1995 Hummingbird Productions) inar tugadh a léargas ar an gcumar idir an traidisiún agus an nuál sa gceol Gaelach.
Sa mbliain 2006 d’ainmnigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann mar chéad Ollamh na hÉigse é agus ó shin tá céim oinigh dochtúireachta bronnta air ag a alma mater, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Ta cáil dhomhanda ar mar oirfideach a bhfuil a stíl phearsanta féin forbartha aige ina bhfuil cúlra clasaiceach agus snagcheoil na huirlise ag saibhriú an chur chuige don cheol traidisiúnta. Thuill a chéad cheirnín ar lipéad Ghael Linn cáil láithreach dó agus mhéadaigh sin ó shin le The Dolphin’s Way (Venture/Virgin 1986) agus ina dhiaidh sin le eisiúintí eile ar lipéad EMI label, anuas go dtí an ceann is deireanaí uaidh Elver Gleams: New and Selected Recordings (EMI 2010). Is minic é i bpáirt leis an Irish Chamber Orchestra agus tá saothair cumtha nó cóirithe aige d’amhránaithe agus do cheoltóirí aonair freisin, ina measc Iarla Ó Lionáird, Áine Uí Cheallaigh agus Matt Molloy.