SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AN AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS FEIS & BLOOD NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT VÓTA 2011
AMHRÁIN IS ANSA LIOM BEAN AN TÍ SA CHISTIN CEOL AR AN IMEALL CORP + ANAM DÁITHÍ AR ROUTE 1 FÍORSCÉAL GAA BEO GARRAÍ GLAS GRADAM CEOIL TG4 IMEALL ROS NA RÚN SRAITH MAGNERS
BARRY DREA DONNCHADH CORCORAN GAVIN SATCHWELL GRACE FLYNN IAN SHERIDAN JOANNE HANRAHAN JUDE BENSON MICHEÁL Ó SÉ MICHEÁL O'GRADY NIAMH FIRTEAR PÁDRAIC GANNON RONNIE WHITE
COIMISIÚNÚ LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 
 

Noel Hill: Gradam Ceoil TG4

Noel HillIs i gCathair Aodha in iarthar an Chláir a rugadh agus a tógadh é, duine de theaghlach mór ceolmhar.   Bhí a thuismitheoirí agus a muintir sin rompu ag dul don chonsairtín agus cérbh iontas mar sin gurbh í sin rogha Noel mar uirlis freisin agus gan é ach ina pháiste. Chomh maith leis na ceachtanna consairtín óna thuismitheoirí, chuaigh seinm a uncail Paddy Hill agus oidhreacht cheoil a cheantair dhúchais i bhfeidhm go mór ar an ógánach agus b’iad Paddy Murphy, Willie Clancy, Paddy Canny, Peadar O’Loughlin, John Reid, Mickey Hanrahan a laochra.
 
Ní raibh sé ach ina dhéagóir (17) nuair a heisíodh a chéad albam, Inchiquin i bpáirt le Tony Linnane, Tony Callanan agus Kieran Hanrahan.  Ina dhiaidh sin i 1979 heisíodh albam cáiliúil eile  Noel Hill and Tony Linnane,  ceirnín a thuill cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta agus atá áirithe mar chlasaic ó shin.

Sa mbliain 1985 ghlac sé páirt i dtaifeadadh cáiliúil eile den teideal I gCnoc na Graí seisiún ceoil agus damhsa ina bhfuil ceol beirte aige le Tony MacMahon agus buíon damhsóirí seite as an gClár agus a taifeadadh i dteach ósta iomráiteach Dan O’Connell i gceartlár Shliabh Luachra.

Thuill an chéad albam eile The Irish Concertina One (1988)  an gradam do Cheirnín Traidisiúnta na Bliana. Thaifead sé Aislingí Ceoil i 1993 bpáirt le Tony MacMahon agus Iarla Ó Lionáird. Ba mhinic é ina aoicheoltóir ar cheirníní sa tréimhse seo freisin le leithéidí Mhaighread Ní Dhomhnaill, Paul Brady, Christy Moore, Mick Hanly agus ar cheirnín Planxty, The Woman I Loved So Well.
 
Is é The Irish Concertina Two  (2005) an ceann is deireanaí uaidh le tionlacain ó Alec Finn, Arty Mc Glynn, Brian Mc Grath, Liam O’Connor agus Steve Cooney.   Fuair an eisiúint seo ardmholadh  ó na léirmheastóirí.
 
Tá an domhan siúlta aige ag seinm agus ag taifeadadh san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh, san Áis agus san Astráil.  Tá rian an dúchais agus a phearsantachta féin go láidir ina chuid ceoil. Is i gConamara atá cónaí anois air lena iníon Ashling agus a mhac, Seán, beirt a bhfuil gealladh fúthu féin mar cheoltóirí anois, ní nach ionadh.

Watch
 
www.noelhill.com

 
 
GAEILGE FEEDBACK SHOP TG4 LIVE PLAYER BAILE