Is as Meáraí, ar bruacha thoir chuan na Gaillimhe don phíobaire óg seo a rugadh i 1991. D’fhreastail sé ar an Scoil Náisiúnta áitiúil agus i gColáiste Calasanctus ar an Órán Mór a fuair sé a chuid meánoideachais. Tá sé ag dul do chéim BA sa Léann Éireannach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair agus é sa dara bliain den chúrsa sin.
Thug se an ceol ón mbroinn leis mar gur ceoltóirí iad a thuismitheoirí agus a mhuintir roimhe. Is píobaire aitheanta é a athair, Déiseach ó dhúchas a d’fhoghlaim an uirlis ó Tommy Kearney, duine de laochra móra na bpíobaí.
Tá aithne mhaith freisin ar Jacqueline McCarthy, máthair Phádraic as a cuid ceoil agus í ina máistreás ar an gconsairtín. Iníon í le Tommy McCarthy as iarthair an Chláir a bhí ina mháistir ar go leor uirlis, na píobaí ina measc.
Agus an oidhreacht cheoil sin sa bhfuil aige, ní hiontas go ndeachaigh an buachaill óg leis na píobaí é féin, faoi theagasc óna athair agus gan é ach ocht mbliana d’aois agus ina dhiaidh sin ag scoileanna samhraidh ó leithéidí Robbie Hannan, Mick O’Brien, Emmett Gill, Jimmy O’Brien-Moran, Seán McKeon, Brian McNamara agus Ronan Browne.
Píobaí cleachtaidh a fuair sé ar iasacht faoi scéim cheannródúil Na bPíobairí UiIleann an chéad ghléas a bhí aige ach ó sin fuair sé le huachta píobaí a sheanathar, gléas coirme a rinne Leo Rowsome. Nuair is ceol aonair a bhíonn ar bun ag Pádraic, is ansa leis gléas píobaí maol C a rinne Geoff Wooff a sheinm. Is iomaí sin áit ar chas sé a chuid ceoil – ag ócáidí de chuid na bPíobairí Uilleann, Scoil Samhraidh Willie Clancy, Tionóil agus seisiúin go leor eile mar aon le craolta ar Clare FM, Galway Bay FM, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Radio 1.
Ta sé ina bhall den ghrúpa Eamhain Mhacha a casadh ar a chéile ag Scoil Samhraidh Willie Clancy agus ag Scoil Acla. Ghlacadar páirt i Siansa, comórtas Ghael Linn agus i gcláracha teilifíse le RTÉ agus ar an stáitse ceolchoirme mar thaca do na Chieftains agus ag Féile Cooley-Collins sa nGort.
Cloisfear rian Willie Clancy ar a stíl phíobaireachta ach d’imir leithéidí Sheán McKiernan agus Séamus Ennis tionchar air freisin. Ta aibíocht agus tuiscint aige ina chuid ceoil nach mbeadh súil leis ó fhear chomh hóg agus is léir gur ceoltóir é a bhfuil an mianach ann a bheith ar chomhchéim lena laochra. Ní hiontas ar bith é go bhfuil sé cheana féin ag tabhairt faoin teagasc agus é ag roinnt a chuid saineolais le glúin níos óige fós píobairí.
Ní taobh leis an gceol atá sé mar chaitheamh aimsire ach oiread mar gur imreoir díograiseach peile agus iomána é lena chlub áitiúil agus é thar a bheith bródúil as a oidhreacht spóirt mar gurbh é John Keane as Port Láirge, duine de laochra na hiomána, a shean-uncail.