SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL CÚLA4 SCEIDEAL SPÓRT TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AN AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS FEIS & BLOOD NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT VÓTA 2011
AMHRÁIN IS ANSA LIOM BEAN AN TÍ SA CHISTIN CEOL AR AN IMEALL CORP + ANAM DÁITHÍ AR ROUTE 1 FÍORSCÉAL GAA BEO GARRAÍ GLAS GRADAM CEOIL TG4 IMEALL ROS NA RÚN SRAITH MAGNERS
BARRY DREA DONNCHADH CORCORAN GAVIN SATCHWELL GRACE FLYNN IAN SHERIDAN JOANNE HANRAHAN JUDE BENSON MICHEÁL Ó SÉ MICHEÁL O'GRADY NIAMH FIRTEAR PÁDRAIC GANNON RONNIE WHITE
COIMISIÚNÚ LUCHT FÉACHANA SPLANC! TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 E-LITIR TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 
 

1998 - TOMMY PEOPLES

B'é Tommy Peoples an chéad cheoltóir a roghnaíodh do Ghradam Ceoil TG4 i 1998. Chuir a chomhcheoltóirí agus lucht an cheoil ar fud na cruinne fíorchaoin fáilte roimhe an rogha seo.

B'fhéidir nach bhfuil ainm ná ceol Tommy chomh mór i mbéal an phobail is atá cuid eile de bhuaiteoirí an Ghradaim Ceoil ach bhí meas faoi leith i gcónaí air mar dhuine de na fidléirí ba chruthaithí agus ab fhearr. Tá tionchar ollmhór aige ar cheoltóirí óga, go háirithe ina chontae dúchais, Dún na nGall.

Is i mBaile Suingean sa chontae sin a tógadh é. Bhog sé go Baile Átha Cliath ag tús na 70í, áit ar sheinn sé le Banna Céilí Green Linnet agus leis an ngrúpa 1691. Chaith sé seal ina bhall den Bothy Band agus tá sé le cloisteáil ar an gcéad cheirnín a d'eisigh siad i 1975. Chuir sé faoi i gCo. an Chláir ina dhiaidh sin agus bhí sé le cloisteáil go rialta ag seisiúin ar fud an chontae.

Chomh maith leis an meas mór atá ar Tommy mar fhidléir, tá ard-mholadh tugtha dá chuid cumadóireachta agus píosaí a chum sé taifeadta ag ceoltóirí agus ag grúpaí idirnáisiúnta leis na blianta. Tá roinnt dlúthdhioscaí aonair eisithe aige, ina measc An Gleann Ciúin i 1998, ar a bhfuil go leor píosaí a chum sé féin.

Is beag ceoltóir in aon réimse ag a bhfuil oiread croí, paisean agus doimhneas is atá ar fáil i bhfidléireacht Tommy Peoples.

 

 
 
 
GAEILGE FEEDBACK SHOP TG4 LIVE PLAYER BAILE