Bronnadh Gradam na gCeoltóirí den chéad uair i 2006 chun aitheantas a thabhairt don obair éachtach atá déanta ag daoine áirithe leis na blianta chun ár gceol a chaomhnú agus a choinneáil i mbéal an phobail, ag cinntiú go mbeidh fáil ag na glúnta le teacht ar cheol ár sinsear agus ar cheol ár linne.