




Bangharda i nGaillimh.
Ba bhreá léi deis a fháil ar ardú céime agus a cumas mar bhleachtaire a léiriú dá sinsir. Is le dualgais leadránacha gan tábhacht atá a saol mar Gharda caite aici go dtí seo.
Is ag stiúradh tráchta a bheidh sí ar dualgas an tseachtain seo, is cosúil ach seo bean nach gcaillfidh a seans í féin a chur chun cinn. Feiceann sí coiriúlacht san uile áit a leagann sí a súil - ach amháin faoin srón féin, dar ndóigh.
Mar sin féin, tarlaíonn anois go bhfuil sí i lár an aonaigh, timpeallaithe ag cneámhaireacht, striapachas, dúnmharaithe agus robáil armtha.
Tá a lá tagtha - ach an bhfuil sí ábalta don dúshlán atá roimpi?


clip - rasai-aoife.flv - 3.5 MB - Íoslódáil

Ar aon nós fiú dá mba rud é go raibh ní fhéadfainn ticéad a thabhairt dhuit. Nach bhfuil diplomatic immunity agabhse, geall leis.

Dháiríre? Chuala mise gur cineál bobarún é, a cheapann gurbh é fhéin a rug é fhéin. Ach arnó níl aon suim i bpolaitíocht a'm.

Téann siad amach ar thóir leoin fhireann nuair a theastaíonn uathu cúpláil. Ach sin é. Coinníonn siad smacht orthu fhéin agus cosnaíonn said a cheile. Saol gan stró, sé síin go dtí fo n-ionsaíonn na leoin an 'pride' agus milltear gach rud.
