




Mion choirpigh as Dún na nGall a bheartaíonn robáil le linn na Rásaí, ní hiad is éirimiúla...
Micheál - Tá sé láidir agus glic ar bhealach, ach is tar éis an bhirt a dhéanann an fear seo a chuid smaointeoireachta, tréith nach bhfuil inmholta i gcoirpeach.
Gearóid - An dara mac nach suim leis ach tobac, ól agus gadaíocht. Seasfaidh sé le Micheál in aon aighneas inmheánach.
Oisín - An té is éirimiúla sa gclann ach nach bhfuil meas madra ag a dheartháireacha air. Is le gliceas agus éirim a thugann seisean aghaidh ar dheacrachtaí agus ní le lámh láidir. Tá Oisín ag teacht ar an tuairim go bhféadfadh saol níos fearr ná seo a bheith ar fáil dó...


clip - rasai-lads.flv - 1.4 MB - Íoslódáil

MICHEÁL
Ní mise atá loite. Caithfidh sé gur tusa.
GEARÓID
Ní mise. Tá tusa in shock. Níor mhothaigh tú é go foill.
OISÍN
Péint atá ann a amadáin. Péint dhearg.

Ba cheart dúinn a ghabháil ann. Cúpla deoch. Cúpla geall a chur ar na capaill agus muid fhéin a diallait ar cúpla girseacha. Deireadh ceart a chur le rudaí

Bhfuil fhios ag aon duine agaibh cá mhéad airgid a caitear ag na rásaí seo achan bhliain? Sé mhilliún.
