




Mórshraith nua drámaíochta Gaeilge, seacht gclár, ina bhfuil an paisean agus an greann (agus beagán den ghruaim) ag féile mhór rásaíochta an tSamhraidh mar chúlra le snáthanna éagsúla an scéil.
Cuirtear an dráma i láthair thar sheachtain iomlán fhéile na Gaillimhe agus tá ceann de na seacht bpeacaí marfacha mar théama breise (nó mar mhana) le gach eagrán.
Tá clú (agus míchlú) na Féile seo scaipthe ar fud an domhain. Deimhníonn na carachtair agus na heachtraí sa tsraith seo go bhfuil bunús maith leis na finscéalta ar fad a chloistear faoi imeachtaí le linn na seachtaine – ag an ráschúrsa agus in áiteanna eile freisin.


clip - rasai-oscailt.flv - 2.5 MB - Íoslódáil
Mar a deir an mana don nuachtán tablóideach, feictear gach gné den saol sa tsraith seo – an tAire éitheach, an marcach meirgeach, an geallghlacadóir gan scrupall, an bleachtaire bréagach agus an traenálaí tarcaisneach. Tá gach mac agus iníon máthar acu ag tochras ar a cheirtlín féin agus is ní faoi scáth a chéile a mhaireann na daoine seo ach oiread.
Tá cliar iontach aisteoirí tugtha le chéile ann agus a gcumas léirithe go healaíonta ag Don Wycherley, Tom Ó Súilleabháin, Ruth Bradley, Frankie Mc Cafferty, Dairíne Ní Dhonnchú, Séamus Moran, Owen Wehrly, Seán T. Ó Meallaigh, Hughie McGarvey, Eoin Mac Diarmada, Owen Roe, Gavin O’Connor, J.D. Kelleher, Charlotte Bradley, Donncha Crowley, Michael Patric, Áine Ní Dhroighneáin agus Eoghan Ó Riada.
GACH CÉADAOIN @ 21:30
ATHCRAOLADH DÉ SATHAIRN @ 22:15
(Tosú ar an 23 Meán Fómhar)
