




Polaiteoir ar feadh a shaoil - Ina Aire Leanaí faoi láthair.
Is maith a oireann an teideal sin dó mar gur duine páistiúil é ar mhórán bealach - é millte, baoth, ceanndána, cantalach.
Dá ainneoin sin, éiríonn leis dul i gcion ar dhaoine agus iad a ionramháil chun a leasa féin in am an ghátair.
Fear ban é, rud a chruthaíonn deacrachtaí mar go bhfuil sé pósta. D'éirigh leis go dtí seo a chuid laigí a cheilt ón bpobal, den chuid is mó.
Is ar a thiománaí, an Garda Cathal Creed is mó a dhíríonn sé a chuid cantail. Cé nach dtuigeann sé féin é, is é Creed an cara is fearr dá bhfuil ag Ultan.


clip - rasai-paidir.flv - 1.8 MB - Íoslódáil

Íosa Críost, Creed mise atá uathub, ní tusa. Vendetta atá ar siúl acab. An conús seo, Hanly, ach go háirithe

Mar is eol dhaoibh, is as a' taobh seo mé fhéin agus mar sin ní chuirfidh sé iontas ar bith oraibh gur thaitnigh na rásaí riamh liom.

An straitéis is mó a d'fheilfeadh thusa ná éirí as a bheith i do mhaidrín lathaigh ahamsa agus seasamh ar do f**king cosa fhéin

Slán Imelda. Labhróidh mé ar ball leat.
