Thug trí shaothar margaíochta de chuid TG4 duaiseanna agus gradaim aitheanta náisiúnta agus idirnáisiúnta leo le cúpla lá anuas. Fógraíodh i mBarcelona go bhfuil duais Eorpach Epica buaite ag an stáisiún agus fuair saothar cruthaitheach margaíochta an chainéil gradaim freisin ag ICAD 2008 ag duaisbhronnadh an eagrais sin i mBaile Átha Cliath.
Fógra corparáideach teilifíse an chainéil dár teideal Seisiún a rinne an éacht ba mhó. Thug sé duais chré-umha leis i mBarcelona, áit ar fógraíodh buaiteoirí Epica na bliana seo. Is í seo an duais-scéim Eorpach d’fhógraí teilifíse. Bhí an fógra san iomaíocht le saothair ó 50 tír eile ag Epica agus ní bhfuair ach saothar amháin eile as Éirinn duais ann i mbliana. Fógra nuálach é seo a spreag go leor cainte ó craoladh é ar dtús. Tá an chosúlacht air ón gcéad amharc gur gnáth-sheisiún ceoil i dteach tábhairne atá ar taispeáint ann ach tuigtear de réir a chéile de réir mar fheictear na leaganacha éagsúla den fhógra go bhfuil go leor eile ar bun sa seomra agus gur maith a oireann an mana Fan go bhfeice tú.
Fógraíodh ag an deireadh seachtaine freisin gur thug fógra TG4 don tsraith Mobs Mheiriceá duais airgid leis ó ICAD 2008 agus go raibh bronnadh duaiseanna cré-umha ón scéim chéanna ar bhlaisín aitheantais teilifíse eile (Aingeal ag Inneall Níocháin) agus ar fhógra raidió don sraithdhráma Seacht.
Foireann TG4, i bpáirt leis an gcomhlacht Publicis QMP agus an Brian Williams ón gcomhlacht Super 68 chruthaigh agus a léirigh na saothair bhuacacha seo.
Thréaslaigh Feidhmeannach Margaíochta TG4, Pádraic Ó Ráighne leo ar fad a bhí páirteach sna tograí buacacha “Is cruthúnas eile é seo go n-aithníonn ár gcomhghleacaithe go bhfuil ar chumas an chainéil a aitheantas sainiúil féin a leagan amach agus a léiriú ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde agus is nuálaí,” a dúirt sé, “agus fáiltíonn muid roimh an aitheantas is deireanaí seo don tsúil eile.”
Breis Eolais:
Pádraic Ó Raighne - TG4 - (091) 505050
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505228