SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


GAA@125 BLIAIN - SRAITH NUA STAIRE TEILIFÍSE

Mar chuid den cheiliúradh 125 bliain ar bhunú an eagrais in 1884, sheol Uachtarán CLG, Nioclás Ó Braonáin, sraith mhór nua teilifíse TG4 ar stair an Chumainn ag ócáid ag Músaem CLG i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Ríomhann an tsraith seo stair shóisialta agus chultúrtha CLG thar deich gclár ina gcuimsítear ábhar luachmhar cartlainne, breithiúnas na staraithe, agallaimh le mórphearsain an Chumainn, idir imreoirí, bhainisteoirí agus riarthóirí mar aon le tuairimí ó thráchtairí, polaiteoirí agus iriseoirí.

Is í an tsraith seo an chéad stair teilifíse riamh ar an eagras ceannródúil, ilghnéitheach seo a d'fhás agus a bhláthaigh ainneoin cogaidh, bochtaineachta, imirce, amhrais agus aighnis inmheánacha uaireanta.

Tá an dá shaol feicthe ag CLG ar mhórán bealach - ó amhras na n-údarás i dtús ama go stádas lárnach an lae inniu i ngach gné den saol, ó imirt cluichí i móinéir fheirme go Páirc an Chrócaigh na linne seo atá ar cheann de mhórstaideanna spóirt na hEorpa. Cuireann an tsraith seo inár láthair eolas agus anailís ó lucht an Chumainn féin agus ó thráchtairí neamhspleácha ar bhealach tarraingteach físiúil a thugann léargas nuálach dúinn ar cheann de an fórsaí is tábhachtaí i saol na hÉireann agus na nGael ar fud an domhain.

Tugann gach eagrán den tsraith cuntas ar thréimhse 20-25 bliain i stair an Chumainn agus féachann lena shuíomh i gcomhthéacs polaitiúil, eacnamúil agus sóisialta na linne. Orthu sin atá páirteach sa tsraith seo, tá Diarmaid Ferriter, Micheál Ó Muircheartaigh, Mickey Harte, Brendan Fullam, Mick O'Dwyer, Maurice Hayes, Gearóid Ó Tuathaigh, Liam Griffin, an Canónach Tomás Ó Luanaigh, Marcus de Búrca, John A Murphy, Nickey Brennan, Christy Cooney, Liam Ó Maolmhichíl, Páraic Duffy agus An Taoiseach, Brian Cowen TD.

Craolfar an tsraith ar TG4 ag tús an tráthnóna gach Domhnach ó lár mhí Eanáir 2009 (athchraoladh ar an oíche Aoine). Is é an comhlacht neamhspleách léiriúcháin Nemeton, ón Rinn i nGaeltacht Phort Láirge, a léirigh an tsraith seo do TG4 agus bhí sé ar cheann de na tograí teilifíse ba mhó a léiríodh in Éirinn i 2008. Anuas ar chistíocht ó TG4 féin, fuair an togra maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann agus ó chistí Media an Aontais Eorpaigh.

Breis Eolais:
Rónán Ó Coisdealbha - Spórt TG4 - (087) 2472841

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER