SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


GRADAM CEOIL TG4
DON BHOSCADÓIR CHARLIE HARRIS

Is ar bhoscadóir cáiliúil dheisceart na Gaillimhe, Charlie Harris, a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2009, an dara bliain déag den duais scéim aitheanta seo. Fógrófar an liosta buaiteoirí do na Gradaim éagsúla 2009 ag nuacht ócáid i Áras Ceoldráma Loch Garman tráthnóna.

Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar cheoltóir óg as Co na Mí, ar amhránaí as Tír Eoghain, ar bhailitheoir ceoil as Londain, ar laoch na feadóige móire a chaith go leor dá shaol i Londain agus ar Chorcaíoch a chumann amhráin ghrinn den scoth. Seo liosta na nGradam do 2009:

  • Gradam Ceoil TG4 - Charlie Harris
  • Ceoltóir Óg na bliana - Conor McEvoy
  • Gradam Saoil - Roger Sherlock
  • Cumadóir na bliana - Con "Fada" Ó Drisceoil
  • Amhránaí na Bliana - Sarah Ann O'Neill
  • Gradam na gCeoltóirí - Reg Hall

Bronnfar seic €5,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll ar bhuaiteoir Ghradaim Ceoil TG4 2009, Charlie Harris. Gheobhaidh Conor McEvoy ceoltóir Óg na Bliana, seic €2,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Gheobhaidh na buaiteoirí eile €1,000 an duine agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí.

Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman ar an Satharn 4 Aibreán seo chugainn agus craolfar na himeachtaí ar chlár speisialta ar TG4 oíche Domhnach Cásca, 12 Aibreán.

Deir Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir gurb iad Gradaim TG4 an scéim aitheantais is fearr a léiríonn meas ar scoth na gceoltóirí. "Tugann na gradaim seo deis dúinn ár meas agus ár mbuíochas a léiriú d'ealaíontóirí an cheoil traidisiúnta a chuireann áilleacht agus aoibhneas ar fáil dúinn agus a mhaisíonn agus a sheachadann an oidhreacht a fuaireadar féin chuig an ghlúin reatha."

Is féidir ticéid don choirm a chur in áirithe ar an teileafón ó 053 9122144 nó ó www.wexfordoperahouse.com

Breis Eolais:
Proinsias Ní Ghráinne - TG4 - (091) 505050
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (087) 917 2364

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER