SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE ÚDAR
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


TRÍ GHRADAM IFTA 2009 AG TG4

Thug tograí de chuid TG4 trí dhuais leo ag duaisbhronnadh IFTA i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Fuair Troid Fhuilteach an gradam don Chlár Teilifíse Spóirt is Fearr. Den tríú bliain as a chéile is í an tsraith Aifric sraithdhráma teilifíse TG4 do dhéagóirí a thug leis an gradam do Pháistí/Óige agus thug an t-aisteoir Aidan Gillen leis an duais don Phríomh Aisteoir is Fearr (Teilifís) dá pháirt sa sraithdhráma The Wire a craoltar ar TG4.

Curiarracht iontach ag Aifric an gradam IFTA a bheith buaite den tríú bliain as a chéile. Léiriú greannmhar báúil ar shaol an déagóra sa lá atá inniu ann atá sa tsraith seo a léirigh Telegael, an grúpa aitheanta atá lonnaithe sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe. Fuair an tsraith seo maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann.

Clár faisnéise faoi cheann de na babhtaí dornálaíochta is iontaí dár tharla riamh is ea Troid Fhuilteach. Lá 'le Pádraig 1923 a tharla an babhta craoibhe seo idir Mike McTigue, fear a rugadh i gCo an Chláir. Bhí sé ag troid go gairmiúil chomh fada sin sna Stáit Aontaithe gur "Methusaleh" McTigue a baisteadh mar leas-ainm air. "Battling Siki" a bhí ar a chéile comhraic agus tharla an troid in Amharclann La Scala i mBaile Átha Cliath Lá 'le Pádraig 1923. Fastnet Films a léirigh an clár do TG4 agus le cabhair ó mhaoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann.

Áirítear an sraithdhráma Mheiriceánach The Wire ar cheann de na sraitheanna póilíní is fearr riamh. Glacann an t-aisteoir Aidan Gillen, as Baile Átha Cliath ó dhúchas, páirt an pholaiteora Tommy Carcetti sa tsraith, a craoltar ar TG4.

Is iad gradaim IFTA na duaiseanna is aitheanta do lucht teilifíse agus scannán in Éirinn. Roghnaíonn giúiré le lucht na ceirde féin an gearrliosta agus na buaiteoirí. Bronnadh duaiseanna na bliana seo ag mórócáid in Óstán Burlington i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, áit ar bhailigh réalta scannán, láithreoirí teilifíse agus na céadta eile don cheiliúradh.

Thréaslaigh Ceannasaí TG4 a ngradaim IFTA leis na buaiteoirí ar fad. Dúirt Pól Ó Gallchóir gur cruthúnas iad ar úire, ar fheabhas agus ar éagsúlacht na gclár ar TG4. "Níl duais is fearr ná duais ó lucht do cheirde féin" a dúirt sé.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (087) 917 2364

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER