Beidh ionadaíocht líonmhar ag TG4 ag na babhtaí ceannais i gcomórtas Promax 2009 ag deireadh na míosa mar go bhfuil chúig shaothar bolscaireachta de chuid an chainéil ainmnithe i naoi nduaisaicme éagsúil Promax. Tá idir bhlaisíní, fhógraí agus fheachtais fhógraíochta a chruthaigh TG4 leis féin nó i bpáirt lena pháirtithe cruthaitheacha, QMP agus Super 68 san áireamh sna saothair atá roghnaithe ag Promax 2009.
Is é Promax príomh dhuais-scéim thionscal na fógraíochta, margaíochta agus bolscaireachta san Eoraip. Bronntar duaiseanna agus gradaim ar scoth an tsaothair i raon fairsing fógraíochta, margaíochta agus bolscaireachta sna meáin chló, chraolta agus eile.
Seo na saothair le TG4 agus na duaisaicmí ina mbeidh siad páirteach i Promax 2009:
Seisiún (le QMP)
An feachtas íomhá teilifíse is fearr
An blaisín íomhá teilifíse is fearr
Blaisín is fearr nach bhfuil míreanna as clár ann
Cóip/Scriptscríbhneoireacht is fearr
Uaigh Stroighne (le QMP)
Blaisín is fearr nach bhfuil míreanna as clár ann
Póstaer nó fógra faoin aer
Deatach (le QMP)
Cló is fearr don Tomhaltóir nó Lucht Trádála
Banlaoch ag Inneall Níocháin (le Super 68)
Mír aitheantais craolta is fearr
Droichead Na Sí (le Super 68)
Mír aitheantais craolta is fearr
Is iad na hainmniúcháin seo an t-aitheantas is deireanaí atá faighte ag TG4 ón tionscal fógraíochta san Eoraip agus in Éirinn. Níl ach cúpla mí ó shin ó bhuaigh an fógra Seisiún Duais Chré-umha ó Epica in Aithin na Gréige agus thug saothair bholscaireachta TG4 cheithre dhuais ICAD leo i mBaile Átha Cliath freisin.
TG4 Ceannasaí Pól Ó Gallchóir ardmholadh do na saothair bhuacacha agus do lucht a gcruthaithe, idir fhoireann TG4, QMP agus Super 68. "Is cruthúnas eile fós iad na hainmniúcháin seo go n-aithníonn ár gcomhghleacaithe i dtionscal na fógraíochta go bhfuil ar chumas an chainéil a aitheantas sainiúil féin a leagan amach agus a léiriú ar an gcaighdeán is airde agus is nuálaí," a dúirt sé "agus fáiltíonn muid roimh an aitheantas is deireanaí seo don tsúil eile."
Breis Eolais:
Pádraic Ó Raighne - TG4 - (091) 505050