SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


DUAIS DHÚBAILTE DO SHAOTHAR TG4 AG PROMAX 2009

D'éirigh go hiontach le saothar margaíochta le TG4 ag duaisbhronnadh Promax 2009 i bPrág aréir. Thug an fógra Seisiún Duais Óir (Script) agus Duais Airgid (Blaisín) leis i gcomórtas ina raibh saothair den chineál seo ó gach tír san Eoraip san iomaíocht. TG4, i bpáirt lena pháirtí cruthaitheach, QMP a chruthaigh agus a léirigh an saothar seo.

Is é Promax príomh dhuais-scéim thionscal na fógraíochta, margaíochta agus bolscaireachta san Eoraip. Bronntar duaiseanna agus gradaim ar scoth an tsaothair i raon fairsing fógraíochta, margaíochta agus bolscaireachta sna meáin chló, chraolta agus eile. Bhí chúig shaothar de chuid TG4 ar ghearrliosta Promax i mbliana, an líon is mó riamh.

Fógra teilifíse ina léirítear gnáth-sheisiún ceoil i dteach ósta é an saothar Seisiún ach gur léir ó ghrinnfhéachaint ar a dtagann chun solais sa radharc deireanach i ngach leagan de go bhfuil níos mó ar bun ná mar a cheapfá ar dtús. "Fan go bhfeice tú" an mana a ghabhann leis. Bhí ceithre ainmniúchán Promax faighte ag an saothar áirithe seo.

Ní fada ó bhuaigh sé duais idirnáisiúnta eile, Epica freisin agus thug saothair bholscaireachta TG4 cheithre dhuais ICAD leo i mBaile Átha Cliath cúpla mí ó shin freisin.

Thug TG4 Ceannasaí Pól Ó Gallchóir ardmholadh do na saothair bhuacacha seo agus do lucht a gcruthaithe. "Léiríonn na duaiseanna seo go bhfuil saothar bolascaireachta agus margaíochta an chainéil s'againne ar an gcaighdeán is airde san Eoraip," a dúirt sé.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER