SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


DUAIS MHÓR CHEILTEACH AG CLÁR DAMHSA SEAN-NÓIS

Thug clár le TG4 an duais mhór leis Féile na Meán Ceilteach 2009 i gCaernarfon na Breataine Bige inniu nuair a bronnadh an Duais Siamsaíochta ar an gclár Ceolchuairt - Nua Eabhrac.

Clár ó shraith inar tugadh máistrí an cheoil ón tír seo chuig a rogha ionad ar fud an domhain le bualadh le lucht aon cheirde leo é an clár buacach. San eagrán seo, tugadh an damhsóir aitheanta sean-nóis, Seosamh Ó Neachtain as an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe, go Nua Eabhrac le bualadh le lucht tap-dance ansin, le scileanna na ceirde sin a fheiceáil agus le snátha gaoil agus cosúlachta sa dá stíl damhsa a cheangal.

An comhlacht Magamedia as an Spidéal a léirigh an tsraith do TG4. Laura Ní Cheallaigh a léirigh agus Paddy Hayes a stiúraigh agus bhí an bheirt acu i láthair ag an duaisbhronnadh I gCaernarfon chun an duais a ghlacadh. Fuair an clár maoiniú ón scéim Fuair an clár maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís freisin.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá trí chlár le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana seo.

Deir Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir, gur cúis mhór bróid an duais seo. "Is mór againn an t-aitheantas seo ónár gcomhghleacaithe Ceilteacha agus is deas an rud ardán idirnáisiúnta a thabhairt do chlár mar seo a dhéanann ceiliúradh ar cheann de na healaíona traidisiúnta is físiúla ar fad agus a bhfuil borradh ar leith faoi le blianta beaga anuas."

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER