Thug eagrán de shraithdhráma téisiúil le TG4 Duais na hÓige leis ag Féile na Meán Ceilteach 2009 i gCaernarfon na Breataine Bige inniu. Saol agus siamsaíocht buíon macléinn atá ag freastal ar choláiste tríú leibhéal i mBéal Feirste is ábhar don tsraith seo a bhfuil dhá shéasúr de coimisiúnaithe agus craolta ar TG4 go dtí seo.
Comhfhiontar idir Eo Teilifís ón Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe agus an comhlacht Stirling Films ab ea an tsraith agus fuair maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann freisin. B'í Máire Ní Thuathail ó Eo Teilifís a ghlac leis an duais ag an bhFéile inniu agus thug sí moladh don chliar aisteoirí, don fhoireann léiriúcháin, do na scríbhneoirí agus do TG4 as a muinín sa togra.
Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duaisaicmí éagsúla faoi bhráid ghiúiré náisiúnta i ngach dtír sula roghnaítear an scoth le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Bhí trí chlár le TG4 san iomaíocht ag Féile na bliana seo agus thug dhá cheann acu an duais mhór leis ina chatagóir féin.
Deir Stiúrthóir Coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh gur cúis mhór bróid an dara duais seo ag TG4 ag Féile Cheilteach na bliana seo. "Bíonn iomaíocht ghéar ann i gcónaí do dhuais na hÓige, a dúirt sé, agus tá sé iontach go mbeadh sraith dhrámaíochta linne ag ceann na hiomaíochta sin arís i mbliana".
Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050