SCEIDEAL IOMLÁN SCEIDEAL SPÓRT SCEIDEAL CÚLA4 TG4 BEO PLAYER
7 LÁ AIMSIR COMHRÁ CÚLA4 CÚLA4 NA nÓG EUROMILLIONS GLAS VEGAS IMEALL NUACHT TG4 PONC SEÓ SPÓIRT
AMHRÁIN IS ANSA LIOM CEOL AR AN IMEALL FEIRM FACTOR GAA BEO GEANTRAÍ GRADAM CEOIL TG4 NA CLOIGNE Ó BHEARNA GO CARNA ROS NA RÚN
SARAH GHRIALLAIS PÁIDÍ MAC GEARAILT GEARÓIDÍN BHREATHNACH JOHNNY MHÁIRTÍN LEARAÍ MÁIRE NÍ CHÉILEACHAIR ÉAMON Ó DONNCHADHA ÁINE UÍ CHEALLAIGH JOSIE SHEÁIN JEAIC ÉILÍS NÍ CHINNÉIDE MÁIRTÍN TOM SHEÁNÍN CORMAC Ó hAODHA TREASA NÍ MHIOLLÁIN SEÁN MAC CRAITH MÁIRE NÍ CHOILM MÁIRTÍN MAC  DONNCHADHA CAITLÍN NÍ CHUALÁIN
COIMISIÚNÚ COMÓRTAS SCANNÁN LUCHT FÉACHANA TREOIRLÍNTE
BUNEOLAS BORD TG4 FOIREANN TG4 GRADAIM NUACHT RÁITIS
 

CORPARÁIDEACH - NUACHT RÁITIS

 
 
 


LÁ AGUS OÍCHE DON GHRADAM CEOIL I LOCH GARMAN

Beidh sé ina cheol ó dhubh go dubh ar fud bhaile Loch Garman ar an Satharn beag seo, 4 Aibreán agus scoth na gceoltóirí traidisiúnta ag triall ar an mbaile d'ócáid mhór na bliana - bronnadh Ghradam Ceoil TG4 2009. Beidh na réaltaí a gheobhaidh Gradaim na bliana seo ann, dar ndóigh, don Cheolchoirm agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman an oíche sin. Is iad Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh a láithreoidh an ócáid sin agus ar na grúpaí agus ceoltóirí aitheanta a bheidh ar stáitse, beidh Sharon Shannon agus Renegade, At the Racket, an Four Star Trio, Des Mulcaire agus go leor eile.

Ar na daoine aitheanta a bheidh ag bronnadh duaiseanna, beidh an réalta scannán Brendan Gleeson, an t-iarpholaiteoir Bernadette McAlliskey, iarbhainisteoir iomána Loch Garman Liam Griffin, mar aon le Ceannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir. Craolfar an ócáid seo ar TG4 ar Dhomhnach Cásca 12 Aibreán ag 9.30pm.

Seo liosta na nGradam do 2009:

Gradam Ceoil TG4: Charlie Harris
Ceoltóir Óg na bliana: Conor McEvoy
Gradam Saoil: Roger Sherlock
Cumadóir na bliana: Con "Fada" Ó Drisceoil
Amhránaí na Bliana: Sarah Ann O'Neill
Gradam na gCeoltóirí: Reg Hall

Níos túisce sa lá beidh an Lón Trad, ceolchoirm saor in aisce ar bun in Ionad Ealaíon Loch Garman, á chur i láthair ag Síle Ní Bhraonáin. Is í an t-amhránaí Mary McPartlan le Steve Cooney agus an grúpa áitiúil Whisht a bheidh ag seinm ansin.

Deir Ceannasaí TG4, Pól Ó Gallchóir gurb iad Gradaim TG4 an scéim aitheantais is fearr a léiríonn meas an náisiúin ar scoth na gceoltóirí. "Tugann na gradaim seo deis dúinn ár meas agus ár mbuíochas a léiriú d'ealaíontóirí an cheoil," a deir sé.

Breis Eolais:
Linda Ní Ghríofa - TG4 - (091) 505050

 
ENGLISH AISEOLAS SIOPA TG4 BEO PLAYER